Na Ceoltóirí / Musicians
Táim fíor bhuíoch dena ceoltóirí ar fad a thug a gcuid
ama don tionscnamh seo. Tá cáil ar Damaris, Jim, Ciarán
agus Máirtín as ucht a gcuid cheoil leis an ngrúpa Cóisir.
Beidh dlúthdhiosca ar an margadh uatha go luath gur fiú éisteacht
leis. Is pianodóir agus cumadóir den scoth é Brian Byrne a
bhfuil cáil bainte amach aige leis an R.T.É Concert
Orchestra. Tá aithne mhaith ar Odhrán Ó Casaide a sheineann
leis an ghrúpa chailiúil Na Casaidigh. Is baill iad Simon Ó
Cróinín agus Colm Dubh Ó Méalóid den sár-ghrúpa na
Galties as Ráth Cairn. Is amhránaí den chéad scoth é
Gerry Tully go bhfuil an-cion aige agus ag Declan Flynn ar an
gceol thraidisiúnta a chasadh le chéile. Is ball é Eoin ó
Meachair den ghrúpa an Scadán Rua atá ag glacadh sos faoi láthair.
Eagraíonn Eoin seisiúin ar an gcéad Satharn de gach mhí i
Swifts i gCeatharlach. (www.kellysdunkirk.com)
Damaris Woods (Luton Shasana agus Cill Scíre,Co. na
Mí) Bainseó agus Cairdín
Jim Woods ( Luton Shasana agus Ráth Cairn, Co. na Mí)
Bosca Cheoil
Ciarán Ó Muirí ( Muineachán agus Ráth Cairn) Bodhrán
Máirtín Ó Muirí ( Longfort agus Muineachán) Giotar
Brian Byrne Brian Ó Broin eile ! (An Uaimh agus Ráth
Cairn) Piano, Pad agus Dord
Odhrán Ó Casaide (Baile Átha Cliath agus Ráth
Cairn) Fidil agus Píob Uilinn
Simon Ó Cróinín ( Tulach Mhór agus Ráth Cairn)
Feadóg Mhór agus Feadóg Stáin(rianta 2,3)
Colm Dubh Ó Méalóid (Camus agus Ráth Cairn)
Meleodian, (rianta 3 agus 5)
Gerry Tully (Baile Átha Troim) Giotar ( rianta
3,57,9,11,13).
Declan Flynn (Baile Átha Troim agus Ráth Cairn
uaireanta) Fidil( rianta 8,10)
Eoin Ó Meachair (Ceatharlach) Bainseó (rian 12)
Brian Ó Broin Mandolin (anseo is ansiúd!) |